Gaeilge

Ar tús ba mhaith liom buíochas a thabhairt do mo chomhleacaí in L.A.M.A is mé a thoghadh mar leas caoithaoirleach ar an 02/07/2011. Sílim go bhfuil tabhacht níos mó anois le usáid na Gaeilge san Udaras Aitiúil, de bharr acht na dteangacha oifigiúla a tháining i bhfeidhm in 2003 agus straitéis 20 bliain don ghaeilge 2010-2030. Tá sé ina cheart ag cainteoirí gaeilge (bíodh siad sa ghaeltacht nó in áiteanna eile) seirbhisí a fháil trí gaeilge agus is é atá i gceist le seirbhisí na leitreacha, suiomh idirlín, ar an ghután, ag an oifig fáilte, ag cruinnithe, ar chomharthaí, i bpréas-raitis agus ar foirmeacha iarratais.
Ó thaobh strateais 20 blianin don ghaeilge (de chuid an rialtais) baineainn an da mhórphointe le forbairt na gaeilge sa tseribhís phoibil fosta –
• A chinntú chomh fada agus is féidir go mbeidh usáid na gaeilge nó an bhearla mar rogha ag an saoranach in ndios cúrsa poibli agus seribhis poiblí agus de réir a chéile go
ndéanfaidh níos mó daoine ar fud an stáit cinneadh a ngnó a dhéanamh trí mhéan na gaelige agus
• A chinntú go mbeidh an ghaeilge níos in fheicthe sa todhchaí againn mar theanga labhartha ag ar gcuid saoránach mar aon le bheith le feiceáil ar chomhartaí agus i litríocht.
• Molann an straitéis go mbeidh plean Contae don ghaeilge in achan Chontae agus go mbéidh plean gaeltachta ann fosta do gach ceantar gaeltachta.
Sílim fhéin go bhfuil dul chun cinn maith déanta ó thaobh forbairt na gaeilge le roinnt bliantaí anuas agus molaim gach duine atá ag tabhairt tacaíocht. Tá thart fa 10 oifigeach gaeilge lánaimseartha in Udáras áitúla éagsula ar fud na tire ina measc in Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Port Lairge, Baile Atha Cliath, Ciarraí & rl. Go maith le sin tá baill foirne ainmnithe in 23 Udaras eile le cúram a ghlacadh d’fhorbairt na gaeilge ar bhonn
páirtaimseartha, mar ról breise acu ina gCuid oibre eile. Tá roinnt oifigeach gaeilge ceaptha sna comhairli aitiúla i dTuaisceart Éireann in Iúr Cinn Trá, An Omaigh, Dúngeanainn & rl.
Coinnigh suas an obair mhaith. Le Gach Beannacht Daithi Alcorn Leas Caoithearleach L.A.M.A